Closed oraghalb closed 5 years ago
Fiosróidh mé an scéal seo (mar aon le #7) inniu a chairde @michmech @oraghalb
Tá réiteach beagán níos caolchúisí ar an cheist seo:
Fágtar _ViewImports.cshtml
mar atá. Más gá TagHelper áirithe a dhíchumasú mar chuid de radharc faoi leith is féidir an treoir @removeTagHelper
a chur leis an radharc féin.
Dearbhóidh mé leasuithe anois a réiteoidh na fabhtanna thuas.
Tá sé seo ceartaithe anois, a bhuí le @rodoch.
Tá, ach tá /plus/ (céadlódáil an lgh san áireamh) níos moille fós dá thoradh.
Tá cúis na faidhbe aimsithe agam. Tá TagHelper amháin,
Microsoft.AspNetCore.Mvc.TagHelpers
, ag cur isteach ar an idirghníomhacht sin a bhaineann le liosta foréimsí a chur ar fáil nuair a roghnaíonn an t-úsáideoir réimse a bhfuil foréimsí aige. Is féidir an fhadhb a réiteach ach an TagHelper a chommentáil amach sa chomhad_ViewImports.cshtml
:Níl sé sin déanta agam go fóill, áfach. Tá tuairim @rodoch ag teastáil an bhfuil nó nach bhfuil sé sábháilte an TagHelper sin a fhágáil amach.
Taobhnóta: Yes, tá a fhios agam go bhfuil an roghnóir réimsí ríomhchláraithe ar bhealach beagáinín dúr. Sin is cúis le hisiú #11 freisin. Nuair a chuirfear feabhas air seo, seans go mbeidh muid ábalta an TagHelper sin ligean isteach arís.