Closed oraghalb closed 1 year ago
Déanta.
Sa chuardach ar théarmaí gaolmhara, déantar adhá chineál leathnú anois: focal > lemma (mar a bhí cheana riamh anall) agus lemma > focal (rud nua). Sampla: "chicken wings" > aimseofar "chicken wing" mar thoradh gaolmhar.
Agus torthaí beachta á gcuardach anois, déantar neamhaird ar spásanna agus fleiscíní. Sampla: "heat wave" nó "heat-wave" nó "heatwave" > aimseofar an toradh beacht céanna.
Agus torthaí gaolmhara á gcuradach anois, láimhseáltear an fleiscín mar a bheadh spás (agus dá bhrí sin, deighteoir focal) ann. Sampla: "cyber-security" > aimseofar torthaí gaolmhara a bhfuil na focail "cyber" agus "security" iontu.
Sa chuardach ar thorthaí beachta, déantar leathnú anois ar phatrúin ar nós "-ize/-ise". Sampla: "politicize" > aimseofar "politicise" mar thoradh beacht.
Sa chuardach ar thorthaí gaolmhara, déantar leathnú anois ar phatrúin ar nós "-ize/-ise". Sampla: "capitalize" > aimseofar torthaí gaolmhara ina bhfuil formeacha de "capitalize" agus "capitalise" araon.
Seo iad patrúin atá i bhfeidhm faoi láthair. Is féidir tuilleadh a chur leo:
-ize/-ise
-izing/-ising
-izes/-ises
-ized/-ised
Tá -iser/-izer
le cur leis an liosta patrún. Sampla: fertiliser/fertilizer.
Tá -iser/-izer
curtha leis an liosta patrún.